Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Gnéithe agus Riachtanais CFL2anna i gcomhair teistiúchán trí Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS)


Cad iad na comhpháirteanna a chuirtear san áireamh le haghaidh teistiúcháin?
Aonaid Foghlama Tosaíochta (AFT)
• Cumarsáid agus litearthacht
• Uimhearthacht
• Cúram pearsanta
• Cónaí i bpobal
• Ullmhú don obair
Dhá ghearrchúrsa Leibhéal 2


Cé mhéad comhpháirt atá i gceist le teistiúchán?
Taifeadtar dhá chomhpháirt sa PGSS: AFTanna agus gearrchúrsaí (Leibhéal 2). Chun gnóthachtáil i ngach AFT a thaifeadadh sa PGSS, ní mór don scoláire fianaise foghlama a chur i láthair i bhformhór na dtorthaí foghlama do gach gné den ATF sin. Chun gnóthachtáil i ngach gearrchúrsa Leibhéal 2 a thaifeadadh ar an PGSS, ní mór a mheas go gcomhlíonann obair an scoláire Gnéithe Cáilíochta an Mheasúnaithe Rangbhunaithe don ghearrchúrsa nó do na gearrchúrsaí Leibhéal 2 ar a ndearnadh staidéar.


Cén t-am ba cheart a leithdháileadh don chomhpháirt ar amchlár na scoile?
Timpeall 250 uair an chloig do gach AFT agus 100 uair an chloig do gach gearrchúrsa.


Cé a shonraíonn na socruithe curaclaim agus measúnaithe atá le leanúint?
Tá sonraíochtaí agus socruithe measúnaithe leagtha amach ag CNCM le haghaidh na AFTanna sna Cláir Foghlama
Leibhéal 2. Treoirlínte do Mhúinteoirí.

Is é CNCM, an scoil nó foinse eile a shocraíonn sonraíochtaí do ghearrchúrsaí Leibhéal 2.
Cuireann CNCM samplaí agus teimpléid ar fáil má tá na gearrchúrsaí á bhforbairt ag
scoileanna.


Cén ról atá ag CNCM sa mheasúnú?
Cuireann CNCM, trí na Treoirlínte, ábhair shamplacha ar fáil do scoileanna ina dtaispeántar an chaoi le measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama sna AFTanna. Cuireann CNCM, trí shamplaí de ghearrchúrsaí Leibhéal 2, ábhair shamplacha ar fáil do scoileanna maidir le measúnú ar ghearrchúrsaí.


Cén ról atá ag scoileanna i measúnú don teistiúchán?
Tá measúnú ar AFTanna agus gearrchúrsaí agus bronnadh PGSS scoilbhunaithe. Aithneofar foghlaim gach scoláire a shásaíonn na riachtanais ghnóthachtála ar a dtugtar breac-chuntas thuas i ndáil le ATFanna agus gearrchúrsaí as gach comhpháirt churaclaim sa PGSS.


Conas a thaifeadfar na comhpháirteanna sa PGSS?
Grádú gnóthachtála in AFTanna agus Gearrchúrsaí araon

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.